This website received the AnySurfer label, a quality mark for accessible websites in Belgium. For more information, please visit www.anysurfer.be.
| Childhood, youth and family | Education, employment & training | Events, culture, sport & leisure | History & folklore | Town planning & housing | Environment & cleanliness |
| District contracts | Social & health | Public works & mobility | Prevention & safety | Participation & citizenship | Trade, economy & finance | Europe & international |
Ó 1 Iúil 2010 i leith, bhí an Bheilg ina huachtarán ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus dá bhrí sin tá ról tábhachtach aici chun gníomhaíochtaí na hEorpa a eagrú agus a spreagadh. Cuireann an tUachtaránacht Bheilgeach seo an Bheilg i gceartlár na hEorpa, níos treise ná mar a bhí sí cheana.
![]() |
![]() |
Ar láithreán na Bruiséile soláthraítear eolas agus radhairc ar an gCathair do cuairteoirí. Sa mhodh seo cuireann an ceamara gréasáin ar do chumas amharc ar Grand-Place na Bruiséile, suíomh oidhreachta domhanda de chuid UNESCO, idir lá agus oíche. Soláthraíonn ceamara eile amharc uathúil de Place de Brouckère, agus soláthraíonn an ceamara deireannach, atá suite ar an Atomium, amharc lánléargais ar ardchlár Heysel ar a bhfuil an Stade Roi Baudouin suite.
Le cuairteanna fíorúla cuirtear an cuairteoir i lár an aonaigh i sainchomhartha mór le rá na Bruiséile mar Halla na Cathrach, an Atomium, an Petite Rue des Bouchers ar an Ilot Sacré, foirgnimh Choimisiúin na hEorpa, na cearnóga agus na gealaraithe and Ardeaglais Naomh Michel agus Naomh Gudule.
![]() |
Léirítear bróisiúir thurasóra nó bróisiúir maidir le hoidhreacht agus stair na Cathrach ar an láithreán. Comh maith le sin, d'fhéadfaí iad a íoslódáil nó a bhrabhsáil ar líne (oidhreacht stairiúil).
Tá mír ann le haghaidh teachtairí nua chun cabhair a thabhairt dóibh lonnú i mBruiséal. D'fhéadfaí go mbeadh baint ag an eolas seo le forálacha rialúcháin (síniúchán an chláir dhaonra) comh maith le seirbhísí a mbeadh fáil orthu ag cónaitheoirí nua anois nó sa todhchaí (cuardach ar chóiríocht, naoíolanna, scoileanna, clárúchán le haghaidh seirbhísí éagsúla, agus araile)
Bíonn go leor gníomhaíochtaí ar siúl sa Bhruiséal. Soláthraítear eolas ar láithreán gréasáin na Cathrach maidir le gníomhaíochtaí poiblí, cultúrtha, lúthchleasa nó caithimh aimsire agus faoi imeachtaí ar an mórchóir.
Is féidir úsáid a bhaint as clár (maraon le hinneal cuardaigh) chun rogha a dhéanamh as réimse mór imeachtai agus léiriúcháin, go háirithe le linn an dara leath de 2010 nuair a bheidh iad seo a leanas ar siúl, Mór-fhéile Ríoga Ommegang (athchruthú mhórshiúl an Impire Séarlas V agus siamsaíocht stairiúil eile), céim den Tour de France, Bruxelles les Bains (cruthú ionad saoire le huisce sa chathair), an Foire du Midi (Aonach Midi), Brussels Summer Festival (Féile Samhraidh na Bruiséile), Cairpéad na mBláthanna ar an Grand-Place, an Nuit Blanche (siamsaíocht go maidin), Maratón na Bruiséile, na Plaisirs d'Hiver (siamsaíocht geimhridh) agus Margadh na Nollag, agus araile.
Tá láithreán gréasáin Chathair na Bruiséile inrochtana as 3 teanga: Fraincis, Ollannais agus Béarla.